Wednesday, October 16, 2013

Cén sórt uachtarlann í Uachtarlann Ísbles?, a deir tú... bhuel is aisling atá ann i láthair na huaire - caora déiríochta, nó lachtchaora a thógáil ó chumasc dhá phór reatha; mar atá an Zwartbles (Swartbles san Fhreaslainnis) agus an Íslenska sauðkindin (an chaora Íoslannach). Beirt phór iad seo a dhéantaí a bhleán de láimh anuas go dtí lár an fichiú haois....